Page 1 of 1

Module Code - Title:

GA3052 - AN TRAIDISIÚN BÉIL

Year Last Offered:

2022/3

Hours Per Week:

Lecture

3

Lab

0

Tutorial

0

Other

0

Private

7

Credits

6

Grading Type:

N

Prerequisite Modules:

Rationale and Purpose of the Module:

Is é cuspóir an mhodúil seo ná go bhfaigheadh an mac léinn léargas ar ábhar, ar fheidhmeanna agus ar shaibhreas an traidisiúin bhéil, agus ar úsáid na Gaeilge i gcomhthéacs na n-ealaíon dúchasach sa lá atá inniu ann. Táthar ag súil leis go mbeidh cur amach ag an mac léinn ar shaintréithe chanúint na Mumhan i ndiaidh dó/di tabhairt faoin modúl seo. Chuige sin díreofar ar chnuasaigh na dtograí Béaloidis ag Oidhreacht Chorca Dhuibhne agus ar acmhainní ó TG4, ó Sheinnteoir an Oireachtais agus ó Raidió na Gaeltachta. Spreagfar an mac léinn chun machnamh a dhéanamh ar bhealaí chun an traidisiún béil a chur chun cinn ina c(h)eantar féin chomh maith. [Translation for internal purposes only] The aim of this module is to give students an insight into the content, function and richness of the oral tradition, and into the use of Irish in the contemporary indigenous arts context. The student will be familiar with the specific characteristics of the Munster dialect following analysis of materials published by Oidhreacht Chorca Dhuibhne (Folklore Projects) and other resource material from TG4, An tOireachtas Player and Raidió na Gaeltachta. Student interest in exploring ways of promoting the oral tradition in their own localities will also be nurtured.

Syllabus:

An béaloideas mar ábhar léinn; stair léann an bhéaloidis in Éirinn; bailitheoirí Choimisiún Béaloideasa Éireann agus a saothar; conas Cartlann Roinn Bhéaloideas Éireann a láimhseáil; an insint bhéil i dtraidisiún scéalaíochta na muintire; Bailiúchán na Scol - acmhainn don staraí logánta; léann an bhéaloidis in Éirinn sa lá atá inniu ann agus an obair atá ar siúl sa ghort faoi láthair; nósanna an fhéilire sa lá atá inniu ann; féilte reatha scéalaíochta; an t-agallamh fileata; an Ghaeilge i gcomhthéacs na n-ealaíon dúchasach; ról TG4 i gcur chun cinn an Bhéaloidis mar ábhar léinn agus ról an stáisiúin chun tacú le tograí béaloidis reatha; An tOireachtas - tobar na n-ealaíon; foinsí béaloidis mar acmhainn don fhoghlaimeoir teanga; nasc an bhéaloidis áitiúil leis an turasóireacht chultúrtha agus leis an bhforbairt phobail. [Translation for internal use only] Folklore as an academic field of study; the history of the study of folklore in Ireland; the collectors of the Folklore Commission of Ireland and their work; using the folklore archive; the oral tradition of the people; the Schools Collection as a resource for the local historian; calendar custom in contemporary Irish society; storytelling festivals; poetic dialogue; the role of An tOireachtas; current research in the field of folklore, the use of Irish in the context of indigenous arts; the role of TG4 in promoting folklore as a discipline and in supporting local initiatives; and authentic material: folklore as a resource for language development and cultural awareness; local folklore, cultural tourism and community development.

Learning Outcomes:

Cognitive (Knowledge, Understanding, Application, Analysis, Evaluation, Synthesis)

Agus an modúl seo críochnaithe go rathúil ag an mac léinn, beidh sé/sí in ann: acmhainní Béaloidis a láimhseáil i dtogra féinriartha dírithe ar cheann de théamaí an chúrsa; iniúchadh a dhéanamh ar ról TG4 i bpróiseas seachadta an traidisiúin bhéil; agus grinnscrúdú a dhéanamh ar phríomhthréithe chanúint na Mumhan i saothar roghnach. [Translation for internal use only] On successful completion of this module, the student will be able to: exploit material from the Folklore archive in a self-directed project relating to one of the areas of the course; investigate the role played by TG4 in the transmission of the oral tradition; and analyse the specific characteristics of the Munster Dialect in a chosen work.

Affective (Attitudes and Values)

Agus an modúl seo críochnaithe go rathúil ag an mac léinn, beidh sé/sí in ann: tiomántas gairmiúil do chur chun cinn an traidisiúin bhéil mar ghné den turasóireacht chultúrtha nó den bhforbhairt phobail a nochtadh; aithris a dhéanamh ar shaothar amháin ón dtraidisiún béil ar an siollabas, aithris mar a dhéanfá ag ócáid shóisialta nó ag cómortas cultúrtha. [Translation for internal use only] On successful completion of this module, the student will be able to: reveal professional commitment to the promotion of the oral tradition as part of a cultural tourism or local development initiative; recite or narrate, as one might perform at a social event or cultural competition, a work from the oral tradition on the module syllabus.

Psychomotor (Physical Skills)

N/A

How the Module will be Taught and what will be the Learning Experiences of the Students:

An Cur Chuige Teagaisc / Taithí Foghlama na Mac Léinn Leanfar treoir "Engaged Learning" & múinfear an modúl trí léachtaí agus trí cheardlanna idirghíomhacha. Cuirfidh acmhainní ó chartlann TG4 go mór le hinspreagadh na mac léinn. Reachtálfar aoichaint amháin ar ghné éigin d'ábhar an chúrsa le linn an téarma teagaisc. Beidh ar na mic léinn freastal ar shraith de cheardlanna thar deireadh seachtaine amháin sa Ghaeltacht (nó in ionad cultúrtha seach-champais) agus táthar ag súil leis go rachaidh an teagmháil seo le tobar an dúchais go mór i bhfeidhm ar na mic léinn. The approach to teaching, learning and assessment will be informed by Institutional strategy and the "Engaged Learning" document in particular. The extensive use of TG4 resource material will heighten motivation. Guest lectures and Gaeltacht-based workshops will enhance cultural awareness and practical engagement with the subject. Students will draw on their own personal / professional experience of community development / language planning / cultural tourism in task-based activities.

Research Findings Incorporated in to the Syllabus (If Relevant):

Prime Texts:

Almqvist, B & Ó Cathasaigh, R. (2002) Ó Bhéal an Bhab , Indreabhán: Cló Iar Chonnachta
Ó Cathasaigh, R. (2003) Scéilín Ó Bhéilín , Luimneach: An tAonad Forbartha Curaclaim/ Oidhreacht Chorca Dhuibhne
Ó Cathasaigh, R. (1998) Rabhlaí Rabhlaí , Luimneach: An tAonad Forbartha Curaclaim/ Oidhreacht Chorca Dhuibhne
TG4XX (2016) Ceolchoirm Oíche Shamhna - Ceiliúradh 20 Bliain , TG4

Other Relevant Texts:

Ó Giolláin, D. (2000) Locating Irish Folklore , Cork. Cork University Press
Ó Máille, Tomás (2002) An Béal Beo , An Gúm, 3rd edition
Ó Morónaigh, S. (2010) Agallamh na hÉigse , An Comhlachas Náisiúnta Drámaíochta
Ó Súilleabháin, S. (1942) A Handbook of Irish Folklore , Dublin: Educational Company of Ireland

Programme(s) in which this Module is Offered:

Semester - Year to be First Offered:

Module Leader:

sarah.nidhuinnin@ul.ie